Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
An t-am a bhí sé obair le Wimpey in Albain agus bhí cáin le sórtáil aige, thaispeáin sé an pas contráilte, d’úsáid sé teastas breithe duine inteacht eile. | 00:02:40 | |
Is iomaí áit fá Albain a bhí sé, bhog sé thart cuid mhór. Corr uair ag cuartú oibre. Bhíodh sé ag fanacht i mbotaí agus leapacha a dhéanamh de chochán agus blaincéid. Dhéanadh siad piliúir an dóigh chéanna, le málaí agus cochán. Ach b’iad na models a ba mheasa, bhí siad iontach garbh. Chaith sé oíche shiocáin amháin ina shuí sa leithreas ag stáisiún, ní raibh sé ábalta fáil fhad leis an champa. | 00:03:24 | |
Chaitheadh siad cárta aitheantais a bheith acu cibé baile a théadh siad fhad le, chaitheadh siad dul go dtí stáisiún na ngarda agus é a thaispeáint. Bhí uimhir ar gach duine. Bhí saol eile ar fad ann, bhí daoine amú le ólachán fosta ar shiúl ón bhaile. Bhíodh moll Éireannaigh ag fanacht sna models nó dosshouses. Níor fhaca sé ariamh an rópa a bhíodh sna áiteanna sin. Bhí na áiteanna sin go léir garbh agus salach go leor. Tharla sé am amháin gur luigh fear coimhthíoch in leaba Mhicí sa champa oíche amháin, d’inis fear de na hoibrithe eile do. Thug an bas an sac don stráinséir agus b’éigean do Mhicí a leaba a dhódh. | 00:04:38 | |